Seo duit réimse leabhair a phléann scileanna staidéir, a thairscíonn eolas maidir le scríobhneoireacht acadúile, smaoineamh critciúile, conas nótaí a bhreacadh go héifeachtach, agus a thuilleadh.
Ní féidir na modhanna céanna a úsáid le haghaidh gach uile ábhar nó topaic. Léiríonn an treoir seo - scríofa i slí tarraingteach agus sorochtaineach do mhic léinn conas a modhanna staidéir a shaindhearú dóibh féin, chun a torthaí a fheabhsú, a féin-mhuinín a chothú, agus a scileanna cuí don saol oibre a fhorbairt.
Lámhleabhair atá de dhíth ag gach uile mac léinn ar mhaithe lena saol ollscoile: tugann an teideal seo comhairle phraiticiúil ar gach rud ó cúrsaí airgeadais go chonas strus a riaradh, conas an tairbhe is mó a bhaint as ranganna teagaisc, chun aistí nó tuairiscí a scríobh agus a chur in eagar, agus céard is féidir a dhéanamh nuair atá an spriocdháta ag teacht go gairid.
Bunaithe ar an taithí de 20 céimithe ó Ollscoil Oxford, tugann Study Skills Essentials léargas fíor-úsáideach ar na teicnicí staidéir agus scrúdú a oibríonn. Léiríonn siad gur féidir le mic léinn saol cothromtha agus sláintiúile a bheith acu agus torthaí iontacha a fháil ag an am céanna.
Clúdaíonn an leabhar seo gach rud a bhfuil de dhíth ag an mac léinn ollscoil, ó súil siar le haghaidh scrúduithe go foghlaim ar líne, go cothromaíocht idir saol agus staidéar a chothú.
Léiríonn an treoir seo conas cur chuige criticiúil a fhorbairt i leith foinsí agus tríd sin, conas ab féidir leo a n-achmhainneachas acadúile a chothú. Miníonn sé cén fáth go gcaitheann mic léinn a bheith criticiúil, agus tugann sé comhairle phracticiúil ar chonas anáilís criticiúile a comhtháthú ina gcuid taighde, léitheoireacht, agus scríobhneoireacht.
Cuidíonn an treoir rítabhachtach seo leis an mac léinn le gach uile céim den phróiséis scríobhneoireachta, agus tugann sé an chumas dóibh tabhairt faoi tascanna acadúile le féin-mhuinín. Is féidir le mic léinn a scileanna a fhorbairt i leith a gcumas anailíseacha do choincheapa coimpléasacha, a gcumas argóintí a mheasadh, a gcumas déileáil le argóintí eile go criticiúil, agus chomh maith le sin, a gcuid tuairimí féin a chuir in iúl go soléir is go beacht, agus a gcuid smaoineamh féin a fhorbairt.
Le haghaidh mic léinn a theastaíonn uatha a scileanna scríobhneoireachta a fheabhsú, pléann an treoir seo eolas bunúsach gramadaí, poncaíocht agus litriú, agus ina dteannta sin, léiríonn sé conas abairt a chuir le chéile, alt a chruthú, agus structúr a chuir ar aiste iomlán. Tá cuid idirghabáileach sa 3ú leagan a thugann samplaí d'abairtí mícheart chun an deis a thabhairt do mhic léinn botúin a cheartú iad féin, le freagraí.
Tugann an saothar seo le fios do mhic léinn conas a dtuairmí féin a chumadh agus a fhobairt, chun tionscadail taighde sainiúlacht a scríobh. Le eiseamláir ó gach léann, muineann sé do mhic léinn conas argóintí a chruthú agus conas fianaise agus teanga a úsáid i slí beacht is seastach.
Nuashonraítear le nodanna maidir le úsáid earraí teicneolaíochta agus le léaráidí nua, míníonn an leabhar sárdhíola seo gach céim den phróiséis a bhfuil de dhíth chun léirbhreithniú litríochta a chur le chéile, i sé céim soléir, ó ábhar a roghnú go dtí an léirbhreithniú é féin a scríobh.
Múineann an leabhar seo le Zina O'Leary, "Research Question", conas an ábhar a mheallann duit a aimsiú, topaic cruinn a dhéanamh as, agus ceist taighde a chumadh a bhfuil iomchuí, spéisiúil, agus inchuardaithe.