Skip to main content
It looks like you're using Internet Explorer 11 or older. This website works best with modern browsers such as the latest versions of Chrome, Firefox, Safari, and Edge. If you continue with this browser, you may see unexpected results.

Gaeilge Durlas: Leabhair agus Ríomhleabhair

Treoir Leabharlainne don Ghaeilge

Leabhar a aimsiú

Conas an Chatalóg a úsáid chun cuardach a dhéanamh ar leabhair

Smaoinigh ar na nithe seo a leanas nuair atá cuardach leabhair á dhéanamh agat:

  • Suíomh: An bhfuil an leabhar ar fáil sa Leabharlann ar Champas Phádraig nó ar an gCampas i Luimeach? I gcásanna áirithe, bíonn leabhair ar fáil ar Champas Phádraig agus i Luimneach.
  • Marc seilf: Is ionann é agus an uimhir Dewey agus trí litir eile a chabhróidh leat an leabhar a aimsiú ar an seilf
  • Stádas: An bhfuil an leabhar ar fáil ar iasacht? Is féidir leat leabhar a chur in áirithe má tá an leabhar tugtha ar iasacht cheana féin.

 

Leabhair atá ar fáil ar Iasacht 4 huaire amháin

Tugtar leabhair mhóréilimh ar iasacht ar feadh 4 huaire ón deasc eisiúna. Ní mór duit iarraidh ar bhall den fhoireann leabharlainne leabhar den chineál sin a fháil duit. 

Ríomhleabhair

Is féidir leat leas a bhaint as an gCatalóg chun ríomhleabhair a aimsiú. Má dhéanann tú cliceáil ar an leabhar atá uait gheobhaidh tú nasc díreach chuig an ríomhleabhar.

 

 

An Chatalóg a Chuardach

Bain úsáid as an gCatalóg Leabharlainne chun na leabhair atá ag teastáil uait a chuardach.

Cá háit sa Leabharlann?

Is féidir leat leas a bhaint as an gCatalóg chun ríomhleabhair a aimsiú. Má dhéanann tú cliceáil ar an leabhar atá uait gheobhaidh tú nasc díreach chuig an ríomhleabhar.

Leabhair i Leabharlann Uí Duibhir ar Champas Phádraig