Skip to Main Content

Gaeilge: Irisleabhair agus Bunachair Sonraí

Irisleabhair

Nuachtáin

Coverage from January 1995

Nod don Eolach

Bunachair Sonraí

Is na bunachair siúd a leanas mion-riar ar an réimse iomlán bunachair sonraí a bhfuil le fáil.

Altanna

  • CELT 
    (bunachair le cáipéisí Éireannacha nua-aimseartha agus stáirúla, ar ábhair ar nós an litríocht, an stair, agus an pholataíocht, ó Ollscoil Corcaigh.
  • Irish Traditional Music Archive 
    (ábhar fuaime agus físeanna, leabhair is tréimhseacháin, agus bailiúcháin ghriangrafadóireachta bainteach le ceol traidisiúnta na hÉireann.
  • JSTOR 
    (eagraíocht neamhbhrabúiseach le cartlann inmhuiníne d'altanna as irisí acadúile tábhachtachta).
  • MLA International Bibliography 
    (bailiúcháin de 1.6 milliún tagairtí, tarraingte as 4,400 irisí, ó 1963 go dtí an lá atá inniu ann)

Foclóirí agus Leabhair Tagarta

  • Dictionary of Irish Biography 
    (an leabhar beathaisnéise is cuimsithí agus údarásaí a bhfuil foilsithe in Éirinn go fóill)
  • Oxford Reference Online 
    (suíomh idirlín le foclóirí, leabhair tagartha teangeolaíochta, agus leabhair tagartha eagraithe de réir ábhar, foilsithe ag Cló Ollscoile Oxford)

Is féidir liosta iomlán de na bunachair iomchuí le haghaidh d'ábhar a fháil anseo.

Cad atá i gCeist le ... ?

Is éard atá i gceist le hirisleabhair ná, foilseachán acadúile i bhfoirm iris, a bhfoilsítear go rialta, agus a phléann taighde nua atá á fhorbairt ag an bpobal acadúile.

Is éard atá i gceist le bunachar sonraí ná, cnuasach eolas ar an idirlíon, a sholátharaíonn rochtain d'altanna irisleabhar, tuairiscí, cásanna staidéir, r-leabhair, agus íomhánna éagsúla, ab féidir leat a úsáid le linn do chuid staidéar féin. Bíonn bunachair áirithe dírithe ar fhormáid amháin (mar shampla, altanna irisleabhar), nó ábhar amháin (mar shampla: oideachas, an Ghaeilge), agus bíonn feidhm il-léannach ("multi-disciplinary") ag roinnt eile acu, le neart formáid éagsúla le fáil iontu.

Is éard atá i gceist le piarmheasúnú ná, an modh acadúile chun measúnú cothrom a dhéanamh ar leabhar nó tuairisc nó alt ar leith, ina mheasanna saineolaithe eile a bhfuil ag obair sa léann céanna obair a gcomhghleacaí. Nuair a bhíonn piarmheasúnú dearfach ag baint le saothar ar leith, is dócha go bhfuil sé iontaofa agus inmhuiníne.

Is éard atá i gceist le Rochtain Oscailte (nó "Open Access" as Béarla), ná múnla foilseacháin do chumarsáid idir ollúna, ina gcuirtear taighde le fáil do léitheoirí saor in aisce. Tá sé seo i gcodarsnacht leis an múnla traidisúinta síntiúis, ina gcaitheann léitheoirí airgead a íoc chun a bheith in ann teacht ar fháisnéis scolártha (a bhíonn bainiste trí leabharlainn de ghnáth).

Mar shampla, is é MIRR Taisclann Institiúide Coláiste Mhuire Gan Smál, agus is eiseamlar é de cartlann oscailte. Sa taisclann seo, is féidir taighde déanta ag léachtóirí agus ollúna CMgS a léamh.

 

Físeáin Teagaisc

Connect with MIC Library

        instagram logo        Youtube logo

Email: library@mic.ul.ie

Limerick Campus:

Mary Immaculate College, South Circular Road, Limerick, Ireland, V94 VN26