Skip to Main Content

Gaeilge: Achmhainní Ar Líne

Measú a Dhéanamh ar Fhaisnéis

Cuideoidh na nodanna seo a leanas duit cáilíocht, cruinneas agus ionracas aon fáisnéis a thagann tú ar ar an idirlíon a mheasú.

Údarás

  • Cé hiad údár an leathanach idirlín - cárbh as an eolas a bhfuil siad ar chuir os do chomhair?
  • An bhfuil an t-údar dea-cháilithe chun a bheith ag labhairt ar an ábhar sin?
  • An bhfuil dea-chlú ar an suíomh é féin?

Cruinneas

  • An bhfuil an fáisnéis ceart agus beacht?
  • An féidir an faisnéis a dhearbhú ó bhfoinse eile?
  • An bhfuil tagairtí díreacha ann chun ráitéis an údar a thacú?

Neamhchlaontacht

  • An bhfuil sé mar cuspóir ag an suíomh tú a chuir ar an eolas?
  • An bhfuil an suíomh ar iarraidh rud éigin a fhogrú, a chuir chun chinn nó a dhíol duit?
  • An bhfuil sé claonta i dtreo amháin?

Bailíocht

  • Cathain a nuashonraítear an suíomh?
  • An bhfuil na nascanna bailí agus ag obair go fóill, nó an bhfuil siad briste?

Raon Ábhair

  • Cad iad na hábhair a bhfuil clúdaithe ar an suíomh?
  • An bhfuil an fáisnéis ar an suíomh curtha in iúl go maith?
  • An bhfuil bogearra speisialta de dhíth chun an leathanach a léamh, nó an bhfuil táille ag baint leis?

 

Nuacht as Gaeilge

Nuacht Scríofa

Tuairisc

Suíomh idirlíon iriseoireachta as Gaeilge.

Peig.ie

Nuacht, imeachtaí, achmhainní foghlama agus leathanaigh le comhairle gairmthreorach as Gaeilge.

 

Nuacht Chlosamhairc

Molscéal

Suíomh nuachta i bhfoirm físeanna gearra.

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Stáisiún raidió as Gaeilge ag plé cúrsaí Ghaeltachta agus ag craoladh neart ceol nua agus traidisiúnta.

Raidió na Life

Stáisiún raidió pobail sainspéise é Raidió na Life le seirbhís raidió Ghaeilge do Bhaile Átha Cliath ar 106.4 FM agus do dhaoine ar fud an domhain ar líne, ar mhaithe le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Suíomhanna Idirlín Úsáideacha

Foclóirí

Teanglann

Foclóir idirlín le inrochtain digiteach agus inchuardaithe ar

  • Foclóir Gaeilge–Béarla (Ó Dónaill, 1977)
  • An Foclóir Beag (Ó Dónaill & Ua Maoileoin, 1991)
  • English–Irish Dictionary (de Bhaldraithe, 1959)

Bunachair teageaolaíochtaí ar nós

  • Bunachar Gramadaí » Foirmeacha infhillte de gach focail
  • Bunachar Foghraíochta » Taifid fuaime

Chomh maith le sin, is féidir leis an mbogearra "Draoi Gramadaí" an foirm cheart de aon chomhcheangal gramadaí a thabhairt duit.

Foclóir

Foclóir Béarla-Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge, le neart tearmaíocht nua-aimseartha nach bhfuil le fáil ar Teanglann.

Téarma

An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge - is éard atá i gceist leis, ná foclóir frásaíochta le bunachar ollmhór de téarma a bhaineann leis an rialtas, an dlí, an tAontas Eorpach, srl. Tá leathanach ann le téarmaíocht eagraithe de réir ábhar anseo freisin.

Pota Focal

Foclóir Gaeilge neamhspléach. Tá uirlísí breise acu freisin, ar nós GaelSpell (litreoir / 'spellchecker' Gaelach) agus An Caighdeánaitheoir - is féidir téacs ar bith atá scríofa i litriú neamhchaighdeánach a chur isteach anseo agus déanfaidh an ríomhaire iarracht é a iompú go dtí a mhacasamhail chaighdeánach.

Intergaelic

Foclóir Gaeilge-Gàidhlig (Gaeilge na hÉireann go dtí Gaeilge na hAlban) agus foclóir Gaeilge-Gaelg (Gaeilge na hÉireann go dtí Gaeilge Mhanann).

 

Cnuasaigh

Dúchas

Is éard atá i gceist le Dúchas ná tionscadal digitiú an Cnuasach Bhéaloideas Éireann (the National Folklore Collection), atá i gcartlann Coláiste ne hOllscoile Baile Átha Clith (UCD). Tá Cnuasach Lámhscríbhinne Bailiúchán na Scol (the School's Collection), bailiúcháin béaloideas cnuasaithe le daltaí bunscoil sna 30idí, san áireamh.

Aimn

Bunachar sonraí de bheathaisnéisí as Gaeilge, bunaithe ar an tsraith Beathaisnéis le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú.

Logainm

Bunachar sonraí inchuardaithe de logainmneacha uile na hÉireann, forbartha ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) agus an Roinn Cultúr, Oidhreacht agus an Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, is féidir bailiúcháin d'fhoilseachain maidir le stair agus todhchaí logainmneacha na hÉireann a híoslódáil anseo.

 

Comhlachtaí Poiblí

Foras na Gaeilge

Is é Foras na Gaeilge an chomhlacht poiblí a bhfuil freagrach as chuir chun cinn an Ghaeilge mórthimpeall oileán na hÉireann.

Gaois.ie

Grúpa taighde le haghaidh obair acadúile scríofa i nGaeilge, bainsteoirí suíomhanna ar nós Téarma.ie.

 

Eile

Léachtaí Cholm Cille

Tá Léachtaí Cholm Cille ar an bhfód le breis is caoga bliain. Dá bharr sin, tá sí ar cheann de na comhdhálacha is tábhachtaí i saol na Gaeilge agus í ag freastal ní hamháin ar an lucht acadúil ach ar phobal na Gaeilge uilig. Is féidir innéascanna an chomhdáil a fháil ar líne ó Ollscoil Mhá Nuad, áit is féidir tuairiscí clóite a cheannach freisin.

Connect with MIC Library

        instagram logo        Youtube logo

Email: library@mic.ul.ie

Limerick Campus:

Mary Immaculate College, South Circular Road, Limerick, Ireland, V94 VN26